Calafort Bhaile Átha Cliath

Stair

Agus tú ag taisteal trí Chalafort Bhaile Átha Cliath inniu, tá tú ar talamh a bhíodh ina oitir ghainimh taoide ag tús na meánaoise. Ón linn taoide fhoscúil atá suite timpeall ar an áit a bhfuil Sráid Aungier an lae inniu a thóg an lonnaíocht mhainistreach ‘Dubhlinn’, nó ‘linn dhubh’, a hainm..

Sa naoú haois, rinne na Lochlannaigh calafort bhríomhar trádála as an lonnaíocht. Sna céadta bliain ina dhiaidh sin, bhog an calafort go dtí an ceantar cois abhann faoi Ardeaglais Theampall Chríost. Faoi dheireadh, mar gheall ar shioltadh na Life, ghlac calafoirt Dheilginse agus Bhinn Éadair ceannas mar ‘fho-chalafoirt’ do Bhaile Átha Cliath. Le linn an ochtú haois déag, d’athraigh oibreacha míntírithe talún Baile Átha Cliath, á leathnú soir agus i dtreo na farraige. [CN1] Tógadh ballaí agus daingniúcháin chun talamh nua-mhíntírithe a dhaingniú. Tógadh Balla an Bhulla Theas in 1753 agus cuireadh teach solais an Phoill Bhig leis in 1767. Tháinig longa i dtír anseo agus tugadh paisinéirí isteach sa chathair i mbáid bheaga.

Faoi dheireadh an ochtú haois déag, bhí an calafort i gcroílár fhéiniúlacht mhuirí Bhaile Átha Cliath agus bhí an chathair mar chuid de líonraí impiriúla imirce agus trádála. Faoi 1800, bhí Baile Átha Cliath ar an tríú cathair chalafoirt ba mhó san Eoraip.

Sa naoú haois déag, d’fhreastail an ceantar thart ar Theach an Chustaim agus Cé an Phoirt Thuaidh ar longa paisinéirí agus ar thrácht ar muir idir Éire agus an Bhreatain. Díluchtaíodh longa freisin ag Duga Sheoirse agus Duga Spencer (asraon na Canálach Ríoga) ar chúl bhalla na cé. Faoi dheireadh na mblianta 1800, bhí Calafort nua Domhainfharraige tógtha in Abhantrach Alexandra, agus ba é sin tús Chalafort nua-aimseartha Bhaile Átha Cliath mar a fheicimid inniu í.

Bain úsáid as an Aip Port Places chun breathnú thart ar Chalafort Bhaile Átha Cliath agus ar Cheantar Dugaí Bhaile Átha Cliath.

For privacy reasons YouTube needs your permission to be loaded. For more details, please see our Privacy Policy.
I Accept

Rudaí le feiceáil agus le déanamh

An Port Thuaidh

Is fearr oidhreacht thionsclaíoch cheantar Chalafort Bhaile Átha Cliath, nó an ‘Port Thuaidh’, a fheiceáil de shiúl na gcos. Agus tú ag siúl ón gcalafort i dtreo lár na cathrach, téann tú thar stóras mór iarnróid ó 1878 a bhíodh ag freastal ar an gcalafort in aice láimhe. Ar chúl an stórais seo, a dtugtar an 3 Arena air anois, tá cearnóg mhór ann ina bhfuil neart bialann, chomh maith le stad an Luas. Tabharfaidh tram an Luas tú isteach díreach go lár na cathrach, ach bí cinnte go mbreathnóidh tú thart ar an gceantar sula bhfágfaidh tú é!

Tá meascán saibhir d’oidhreacht thionsclaíoch agus d’ailtireacht nua-aimseartha taobh le sráideanna cónaithe i gceantar dugaí Bhaile Átha Cliath Ba anseo a bhíodh cónaí ar na dugairí a luchtaigh agus a dhíluchtaigh lastas ag an gcalafort.

Duga Spencer

Tá meascán de chaiféanna iontacha agus foirgnimh oifige ag Duga Spencer anois. Bí cinnte bualadh isteach chuig an Green on Red Gallery chun blaiseadh a fháil de scoth ealaíne comhaimseartha as Éirinn agus an Eoraip.

Céanna Bhaile Átha Cliath

Tá roinnt long cónaitheach ag na céanna seo i gcónaí. Feidhmíonn an iar-long paisinéirí Cill Airne ó 1961 mar bheár agus bialann anois. Tá macasamhail de long cháiliúil ré an Ghorta Mhóir an Jeanie Johnston le feiceáil anseo. Taobh istigh, insíonn músaem scéal láidir na loinge seo agus na paisinéirí a bhí uirthi.

Is féidir leat ticéid a cheannach freisin do Thuras Bád Discover Dublin ag an gcé. Ar bhád atá saindeartha agus inrochtana do chathaoireacha rothaí, seolfaidh tú faoi dhroichid cháiliúla na Life agus feicfidh tú thart ar Chalafort Bhaile Átha Cliath.

Tógadh Duga Sheoirse chun níos mó spáis a chur ar fáil do longa. Bhíodh trádstórais mhóra anseo fadó. EPIC, an músaem ar imirce na hÉireann a bhfuil gradam go leor bainte aige, atá lonnaithe ann anois.

Ar thaobh na cé taobh amuigh de EPIC, bí cinnte go seasfaidh tú ag Cuimhneachán an Ghorta Mhóir atá deartha ag Rowan Gillespie. Léiríonn na dealbha cuimhneachán cruthanna daoine nach bhfuil iontu ach an craiceann is na cnámha agus iad ar a mbealach chun dul ar imirce ar longa cosúil leis an Jeanie Johnston.

Duga Sheoirse

Poirt eile a fhionnadh

Abergwaun
Caergybi
Doc Penfro
Cuan Ros Láir