Abergwaun
agus
Wdig

Stair

Is baile cósta é Abergwaun i dtuaisceart Sir Benfro ag ceann theas Bae Ceredigion. Léiríonn a ainm Breatnaise, Abergwaun, an áit a bhfuil sé ag béal abhainn an Gwaun; tagann a ainm sa Bhéarla ón Sean-Lochlainnis Fiskigarðr – ‘banrach gabhála éisc’ – agus léiríonn sé stair fhada an bhaile mar chalafort trádála. Chuaigh earraí cosúil le haolchloch, gual, slinn, olann agus earraí bia tríd an gcuan anseo.

Mheall rathúnas an chalafoirt aird na ruathairí: in 1779, ghabh an príobháideoir an Black Prince long áitiúil, ag éileamh airgead fuascailte de £1,000. Nuair a dhiúltaigh muintir an bhaile íoc as, rinne an long buamáil ar Abergwaun, ag déanamh damáiste do thithe áitiúla agus d’Eaglais Naomh Muire (a ndearnadh athchóiriú uirthi ina dhiaidh sin agus a bhfuil roinnt fuinneoga breátha gloine dhaite inti). Tógadh Sean-Dún Castle Point mar fhreagairt ar an eachtra seo: ba as seo a líomhnaítear gur scaoil muintir na Breataine Bige gunna mór ag fórsaí na Fraince[R[1] san ‘Ionradh Deireanach ar an mBreatain’ i mí Feabhra 1797. Faoi stiúir an Éireannaigh-Mheiriceánaigh William Tate, tháinig Légion Noire na Fraince i dtír ag Pointe Carreg Wastad ar an 22 Feabhra. Bhí thart ar 1,400 acu ann, ach bhí siad eagraithe go dona, agus ghéill siad gan choinníoll ar Thraeth Wdig ar maidin an tríú lá.

I measc na ndaoine cáiliúla as Abergwaun tá an scríbhneoir agus an staraí Richard Fenton (1747-1821), a chuir na chéad turasóirí ar an eolas faoi mheigilití, séipéil agus séadchomharthaí a chontae dúchais lena leabhar A Historical Tour through Pembrokeshire. Bhí an scríbhneoir Breatnach D. J. Williams a raibh dearcadh tráthúil aige ar shaol na tuaithe, ina mhúinteoir anseo (1885-1970). Tháinig Richard Burton agus Elizabeth Taylor anseo in 1971 chun páirt a ghlacadh sa chéad leagan scannáin riamh de Under Milk Wood le Dylan Thomas.

De réir mar a tháinig meath ar an sean-chalafort sa naoú haois déag, thug teacht an iarnróid in 1906 longa trasatlantacha go Wdig in aice láimhe, áit ar tógadh cuan nua agus ón áit a oibríonn Stena Line a seirbhís paisinéirí go Ros Láir sa lá atá inniu ann.

Bain úsáid as an aip Port Places chun Abergwaun a iniúchadh nó chun Turas Ionradh Deiridh a dhéanamh.

For privacy reasons YouTube needs your permission to be loaded. For more details, please see our Privacy Policy.
I Accept

Rudaí le feiceáil agus le déanamh

Beagnach 200 bliain tar éis imeachtaí an Ionraidh Dheireanaigh, tháinig an pobal le chéile chun taipéis a chruthú a dhéanann comóradh ar an scéal. Is féidir leat í a fheiceáil i Halla na Cathrach.

Tá go leor caiféanna agus bialanna áitiúla ann. Tá The Royal Oak, teach tábhairne stairiúil, ag feidhmiú in Abergwaun le beagnach 200 bliain. Creidtear gur anseo a shínigh na Francaigh agus na Breatnaigh conradh síochána tar éis na hiarrachta ar ionradh in 1797, cé gur ghnáth-theach a bhí ann ag an am, seachas teach ósta.

Caiféanna

agus

bialanna

 

 

 

Ealaíona

agus

Amharclannaíocht

 

 

 

Is spás iontach ealaíon agus taibhithe é Theatr Gwaun atá i gcroílár an phobail. Ar do bhealach ó The Royal Oak is féidir leat cuairt a thabhairt ar an West Wales Art Centre, spás rathúil ealaíon atá á reáchtáil ag Muintir Pepper.

Chosán Cósta Sir Benfro

Is féidir dul isteach ar Chosán Cósta Sir Benfro 299 km feadh an chósta anseo, nó fiú cuid de mura bhfuil fonn ort an cosán ar fad a shiúl.

Poirt eile a fhionnadh

Calafort Bhaile Átha Cliath
Caergybi
Doc Penfro
Cuan Ros Láir