TREOIR DO SCOILEANNA

AGUS MÚINTEOIRÍ

Tá Ábhar Saibhir anseo a mbainfear
an-leas as sa Seomra Ranga.

Fiosraigh na scéalta oidhreachta cultúrtha atá ar shuíomh gréasáin Calafoirt, Inné agus Inniu ar bhealaí éagsúla: sa seomra ranga agus ar thurais taobh amuigh den scoil… seo roinnt moltaí!

Foghlaim bunaithe ar fhiosrú

Bain úsáid as na scéalta atá lonnaithe ar Chalafoirt, Inné agus Inniu mar phointe tosaigh do thionscadal foireann-bhunaithe foghlama ar líne.

  1. Roinn an rang ina bhfoirne agus tabhair scéal do gach foireann le léamh.
  2. Ansin, spreag na foirne chun tuilleadh eolais a fháil tríd an liosta ‘Foinsí Gaolmhara’ ag bun gach leathanaigh scéil a leanúint.
  3. Is féidir le gach foireann a gcuid torthaí a thuairisciú i bhformáidí éagsúla, mar shampla cur i láthair gairid ó bhéal, cur i láthair digiteach nó b’fhéidir rud éigin cruthaitheach. D’fhéadfadh sé gur dán a bheadh ann nó scéal bunaithe ar an méid atá léite acu.
  4. Is féidir leat an leathanach ‘Fiosraigh de réir Téama’ a úsáid chun sraith scéalta a roghnú ar théama ar leith, nó ‘Fiosraigh de réir Calafoirt’ chun ábhar a fháil faoi gach ceann de na 5 chalafort.

Tá an Aip Port Places saor in aisce le híoslódáil ón App Store nó ó Google Play. Tá go leor eispéireas le híoslódáil, rud a chiallaíonn nach gá duit a bheith ar líne nuair a úsáideann tú an aip. Is féidir leat táibléad a úsáid fiú agus tú amuigh ar thuras. Is féidir leis an aip a bheith mar threoraí agat timpeall ar aon cheann de na calafoirt farantóireachta ar Mhuir Éireann a bhí mar chuid den tionscadal Calafoirt, Inné agus Inniu – Cuan Ros Láir, Abergwaun, Caergybi, Calafort Bhaile Átha Cliath agus Doc Penfro.

Is féidir leis an aip do gheoshuíomh a úsáid chun ábhar a roinnt, nó is féidir leat na marcóirí ar an léarscáil a úsáid chun cliceáil ar scéalta oidhreachta is féidir a roinnt le do ghrúpa turais. Bain sásamh as an bhfiosrú! Nuair a fhilleann tú ar an seomra ranga, cén fáth nach ndéanfá an ghníomhaíocht foghlama bunaithe ar fhiosrú a bhfuil cur síos uirthi thuas ag baint úsáid as Scéalta Calafoirt, Inné agus Inniu?

Bain úsáid as an Aip Port Places le haghaidh turas siúlóide scoile ar cheann de na calafoirt

For privacy reasons YouTube needs your permission to be loaded. For more details, please see our Privacy Policy.
I Accept

Nuair a bheidh an Aip Port Places feicthe agat, is é an chéad chéim eile ná d’eispéireas féin a chur léi! Is féidir leat taighde a dhéanamh agus do thurais féin a scríobh le bheith san áireamh ar an aip – is féidir leo baint a bheith acu le haon ghné d’oidhreacht phobail agus chultúrtha a bhaineann leis na calafoirt. Is fearr a dhéanann scoileanna atá lonnaithe sna calafoirt nó gar dóibh an ghníomhaíocht seo, ach le roinnt taighde agus iarrachta, is féidir le scoil ar bith turas a chur leis an aip.
Seo físeán ‘conas’ chun ábhar a chur leis an Aip Port Places.

Bíodh an Stair ina Bheatha sa Seomra Ranga Agatsa
agus Ábhar Fíorspéisiúil agus Éagsúil ar fáil

Discover
Port Stories

Watch
A Film

Explore
Creative Connections

Visit
A Port

Try Out
The App

Listen To
A Podcast

Scaip an tEolas,
Spreag Caidreamh!

Spreag do chomh-mhúinteoirí chun bheith páirteach! Roinn an acmhainn luachmhar seo le do chuid comghleacaithe agus bígí ag obair le chéile chun mórthionchar foghlama a imirt ar bhur scoláirí.

Agus sinn ag obair le chéile, is feidir linn cur leis an tuiscint ar chúrsaí staire is oidhreachta.

Enhance Your Lessons with
Downloadable Resources

  • Worksheet 5

    Lorem Ipsum is simply dummy text of the printing and typesetting industry. Lorem Ipsum has [...]

  • Worksheet 6

    Lorem Ipsum is simply dummy text of the printing and typesetting industry. Lorem Ipsum has [...]